Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luinneach
- XML Leathanach 462
- XML “Scéal - Na Triúr Iníonach”
- XML “Scéal fá dtaobh de na Trí Chomhairle Mhaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sa t-seomra agus bhí sí ann ar feadh bliadhna. Nuair a bhí sí ag imteacht thug bean an toighe mála óir dithe le cois a tuarastal agus bhí dóigh maith uirtí ina dhiaidh sin.
- Fá dtaoibh de na trí comhairle maithe.Bhí fear bean agus gasrúr ann am amháin agus bhí siad iongantach bocht agus b’éigeann dó’n fhear imtheacht ar fostadh.
Bhí sé ar fostadh i n-áit amháin ar feadh deich mbliadhna, dubhairt se le na mhaighistir nuair a bhí na deich mbliadhna shuas aige gur mhaith leis dhul chun na bhaile go bhfeicfeadh sé a mnaoi. Bhí cumhaigh mhór ar an mhaighistir ina dhiaidh.
Chuir sé ceist air cia acha b’fearr leis tuarastal na ndeich mbliadna nó trí chomhairle maithe. Dubhairt seisean gur b’fhearr leis trí chomhairle mhaithe. Dubhairt an maighistir leis an chead chomhairle siubhal leis an bealach mór agus gan dul aithghiorra ar bith, an dara comhairle gan dul isteach i dteach ar bith a mbéadh bean óg agus seandhuine ann, agus an tríomhadh comhairle, do dtigeadh corraidh air a phíopa a dheargadh, agus feach thaire a ghulláinn nuair a bhí (nuair) sé ag imtheacht thug a mhaighistir builfín(leanann ar an chéad leathanach eile)