Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 456

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 456

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 456
  3. XML “Scéal fá dtaobh de Fhear a Raibh Triúr Mac aige agus a D'imigh leofa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Pillidh mé i gcionn na bliadhna. Bhí seisean ar shiubhal leath-bhliadhain ach níor phill sé ar chor ar bith.
    Dubhairt an fear a bá óige go rabh seisean ag imtheacht leis (na (bf). Dubhairt an t-athair leis na bhfeiceann tú caidé rinne do (dh) chuid deathbhrathaire ní phill siad ní ba mhó.
    Annsin dubhairt an mhac go rabh sé ag imtheacht leis na ni miste liom. Thoisigh an t-athair bhocht a ghol agus d’iarr sé air fanacht seachtmain eile. D’fan ach ní rabh sé sásta ar chor ar bhith.
    Sé bliadh(ain)na na dhiaidh seo tháinig fear de na mic na bhaile agus sin an n-áit a rabh an luthgháir agus an chuideachta ná bhí neart airgid (a) leis. Chuir an t-athair ceist air an bhfacaidh sé a mhac eile i n-Albain, dubhairt sé na bhfacaidh. Dubhairt an fear na rabh air shiubhal (arm) ariamh go rabh seisean ag imtheacht anois. Dubhairt an t-athair leis na pillidh tú roimh bhliadhain, dubhairt sé go bpilleadh cinnte.
    D’imthigh leis agus bhí sé shiubhal bliadhain ach níor phill sé. Bhí an t-athair agus an mac ag fanacht leis, gan aon lá ach níor tháinig sé.
    Bhí an t-atháir agus a mhac beo go maith ar feadh tamaill acht (g) chaith siad a gcuid airgid.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Nic Pháidín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Chorrmhín, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Nóra Nic Shuibhne
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    An Chorrmhín, Co. Dhún na nGall