Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 447

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 447

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 447
  3. XML “Scéal - An Triúr Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. “An triúr mac”.
    Bhí triúr mac ann, aon uair amháin. Ars an chead fhear, go rachadh seisean agus go saothrughadh, sé a chuid airgead féin. Dubhairt sé leis an bheirt eile, nuair a gheobhadh seisean bás. Go mbéadh an tobar a bhí aca, uilig na fhuil.
    D’imthigh sé. Nuair a bhí sé ar shiubhal bliadhain. D’amharc siad ‘sa tobar, agusa bhí sé uilig na fhuil.
    Dubhairt an dara fear, go n-imtheochadh seisean agus go mbéadh an tobar uilig na fhuil an lá a gheobhadh seisean bás. Bhí sé ar shiubhal bliadhain, agus an lá seo, d’amharc an tríomhadh fear, ins an tobar, agus bhí sé uilig na fhuil.
    Dubhairt an tríomhadh fear go n-imtheochadh seisean, agus d’imthigh. Thug sé leis builín, agus an chead oidhche, fuair sé lóistín ag cat. D’iarr an cat ar an fhear biadh a thabhairt dó. Thug sé buadh dó, agus chuir sé ceist air, cia-n áit a bhfuigheadh obair.
    Dubhairt an cat leis go rabh caisleán le deánamh ag an Rígh, agus go gcaitheamh sé é a bheith deánta aige, i gcionn na bliadhna. Mar nach mbéadh go mbainfeadh sé an ceann dó.
    Thoisigh an fear ar an chaisleán, agus i gcionn na bliadhna, bhí an caisleán deánta aige. Dubhairt an Righ, gur bhé an phaighe a bhí sé a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Nic Giolla Chomhghaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Aodha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Seoladh
    An Luinnigh, Co. Dhún na nGall