Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 442

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 442

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 442
  3. XML “Scéal - An Dá Shaighdiúir”
  4. XML “Scéal - Seán Amaideach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    nar dtug sé trí oráiste díthe. Nuair a bhí siad ithte aice fuair an srón biseach. Chuaidh an doctúir na bhaile agus bhí lúthgháir mhór air fhéin agus an t-saighdhiúir eile go rabh an sparán agus an clóca aca aríst agus bhí am breagh aca ní bá mó na dhiaidh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgéal Seán amaideach.
    Bhí gasúr ann uair amháin, bhí sé ina chomhnuidhe ag a mhathair ní rabh cleachtadh aige a dhath oibre a dheánamh. Bhí a mháthair iongantach bocht agus chá rabh a dhath aicí le (deanamh) h-ithe dubhairt sé le na mháthair, maidin amháin go rabh sé ag dul a d’obair agus go mbéadh siad saidhbhir go foill. Seán a bhí ar an ghasúr seo.
    Chuaidh sé a d’obair an lá sin, agus ins an tráthnóna fuair sé pighinn. Thug sé leis ina lámh í, agus chaill sé í. D’innis sé dó ná mhathair goidé, d’éirigh dó, agus dubhairt an mhathair leis gur cheart dó, an phighinn a chur ina phóca. Dubhairt Seán go ndeánfadh sé sin feasta.
    An dara lá, bhí sé ag obair, fuair sé pígín bainne, agus chuir sé isteach ina phoca an pígín, agus dhóirt sé é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.