Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar bith ábalta biseach a dheánamh díthe. Chóirigh an saighdiúir é fhéin suas cosamhail le doctúir agus chuaidh sé fhad leis an chaisleán agus thug sé leis cuid de na h-ubhlaí. Thug sé dón bhainríoghain iad acht rinne sin níos measa í.
D’imthigh sé agus dubhairt sé go dtiocfadh lá thar na bhárach. Acht nuair a tháinig sé bhí an srón cúpla míle eile níos fuide. Bhí an bhainrioghain chóir a beith amach as a ciall. Thug se giota oráiste díthe agus nuair a tháinig sé lá tar na bhárach bhí sé rud beag níos fearr acht bhí sé ceithre míle ar siubhal go fóill. Dubhairt an doctúir léithe go rabh rud éighinteacht ag obair i néadan an rud a bhí sé a thabhairt díthe.
Dubhairt sé fosta go rabh cinnte gur ghoid sí rud éighinteacht agus d’innis sé díthe nach bhfuighidh sí biseach go dtabharfadh sí na rudaí aríst. D’iarr an Rígh uirthi na rudaí a ghoid sí ó na saighdiúirí bochta a thabairt arís. Fuair sí iad agus d’iarr sí ar an doctúir iad a thabhairt arís dó’n dá shaighdhiúir. Ní luaithe a bhí siad ina lamh aige(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Treasa Ní Cholla
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Giolla Chomhgaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An tArd Donn, Co. Dhún na nGall