Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)beag fhad leis arís. D’iarr sé ortha triúr de na h-oraistí a bhí ag fás ar chrann giota ar shiubhal a ithte. Ní [luait]? a bhí siad ithte nár éirghe a shrón an mhéid cheart arís.
Tá fhios agam anois caidé a dhéanfas mé dubhairt an chead saighdhiúir. Chóirigh sé é fhéin suas cosamhail le fear a bhéadh ag obair i ngarradh. Thug sé leis bosca de na h-ubhlaí agus chuaidh sé fhad le caisleán an Ríog. Nuair a tháinig sé fhad leis an chaisleán bhí achan nduine ag iarraidh na n-ubhlaí a cheannacht acht dubhairt seisean go bé fá choinne an bhainrioghain a bhí siad.
Chonnaiceas do’n bhainrioghan nár ith sí ubhlaí ar bith ariamh chomh maith leobhtha. Díth sí léithe go dtí go rabh seisear (a) ithte aice. Ní luaithe a bhí siad ithte aici nár thoisigh a srón a d’éirigh mór. Chuaidh sé síos fhad le na cuid cosa agus amach ar an fhuinneóg agus fríd páirceanna agus fríd ghleannta.
Ní rabh doctúir ar bith ábalta biseach a deánamh díthe. Dubhairt an Ríogh go dtabharfadh sé rud ar bith dó’n té a dhéanfadh biseach díthe. Ní rabh doctúir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Treasa Ní Cholla
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Giolla Chomhgaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An tArd Donn, Co. Dhún na nGall