Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sa (d’éirig)’ deireadh d’éirig siad go bocht gur (b’fheigin) b’éigin daobhtha a dhul chruinnuighadh.
Rinne siad suas go rachadh fear aca bealach amháin agus an darna fear bealach eile. “Cuaidh” Tháinig an cead saighdhiúir go dtí crann ubhlaí ag fás air agus dhíth sé triúr aca ceann indiaidh an cheann eile. Nuair a bhí siad ithte aige choinneacas dó go rabh a shrón go h-iongantach. Nuair a dhamharc sé air bhí sé ag dul síos fhad le na chuid cosa. D’éirigh sé mhor leis go dtí san deireadh bhí sé go trom gur b’éigin dó suidhe síos.
Eadar an dá am bhí an saighdiúir eile ag siubhal fríd an coillidh nuair a bhual sé suas i n-éadan rud éighinteacht. Ní rabh fhios aige caidé a bhí ann agus rinne sé suas a intinn go leanfadh sé é agus go bhfeicfeadh sé caidé a bhí ann. Shiubhal sé leis na mílte agus na mílte go dtí go dtáinig sé fhad le na chomraduidhe sínte faoi chrann.
Nuair a bhí sé ag smaointuighadh caidé a dheánfadh sé. Tháinig an fear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Treasa Ní Cholla
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Giolla Chomhgaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An tArd Donn, Co. Dhún na nGall