Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bródaimhal agus shílfeadh sí nach mbéadh duine ar bith chomh maith léithe féin. Tamall maith na dhiaidh seo tháinig an mac na bhaile agus chuir sé ceist uirthí an dteárn sí an rud a d'iarr sé uirthí. Dubhairt sise go dtearn agus fosta chuir sé ceist uirthí ar éist sí leis an Aifreann. Dubhairt sise gur éist. "Bhal" [?] dubhairt an sagart bhí tu ar an Aifreann gach aon Dhómhnach ó d'imthigh mise. Bhfuil cuimhne agat ar seisean ar an lá a bhí tú mall agus níor éist tú acht an t- Aifreann sin ó d'imthigh mise. Bhí tú i n-am ag an Aifreann na Dómhnaigh eile agus níor éist tú le ceann ar bith aca agus ar seisean le na chois sin níol ins an bocsa acht aon chloch amháin agus tá sin le tabhairt le teisbeanadh duitse nár éist tú acht Aifreann amháin.
Tá mise ag tabhairt comhairle duit anois gan a bheith ró- brodamhail níos mó agus an t-Aifreann a d'eisteacht. Dimthigh an sagart annsin agus chuaidh sí chun an (Aifreann) Aifrinn agus d'eist sí é ó sin amach.- Bailitheoir
- Anna Ní Aodhachain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Chorrmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Ní Aodhachain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 42
- Seoladh
- An Chorrmhín, Co. Dhún na nGall