Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nach dtiocfadh sé a choir go cionn seacht mbliadhna. Thóg Seón é agus d'imthigh sé.
Nuair a bhí na seacht mbliadhna astoig tháinig an diabhal ar ais agus dubhairt sé le Seón, an bhfuil tú ag teacht liom indiu? Dubhairt Seón go rabh dá mbuaileadh sé amach set cruiteacha dó. Dubhairt an diabhal nach mbuaileadh. Diarr Seón air annsin suidh ins an chathaoir mhór agus comhradh a choinneaill le na mhnaoi go mbuaileadh sé féin amach é. Dubhairt Seón, siubhal leat. D'imthigh siad agus siubhal siad leo go dtáinig siad fhad le teach ólacháin.
Dubhairt Seón na dteachfaidh sé thart le teach ólacháin ariamh gan a dhul isteach ach níl aon phinghin agam indiú. Dubhairt an diabhal go ndéanfadh sé é féin isteach i nginí agus rinne. Chuir Seón an giní isteach ins an sparán agus chuaidh sé isteach agus d'ól sé luach an ghiní agus ní rabh aon duine ábalta an giní a bhaint amach as an sparán.
D'imthigh Seón leis chun an bhaile agus chaith sé an sparán isteach faoin phlaincead ins an leabaigh. Thosigh an diabhal a phreabadaigh ins an leabaigh an oidhche sin agus sgairt an bhean le Seón go rabh an diabhal istoigh ins an leabaigh. Ar mhaidin lá thar na mhárach thug Seón leis an sparán agus an diabhal istoigh ann amach go dtí an inneár. Bhuail sé an diabhal leis an órd agus sgairt an diabhal le Seón é a leigint ar shiubhal agus na dtiocfadh sé a choir a choidhche. Leig Seón ar shiubhal an diabhal agus é go cruinn le tobán.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Srath na Bruaí, Co. Dhún na nGall