Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 430

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 430

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 430
  3. XML “Scéal - An Bhean agus a Beirt Mhac”
  4. XML “Scéal - An Fear Amaideach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    D'imthigh an mháthair chuig an t-sagart arais agus d'iarr sí air a theacht go bhfuair an gasúr eile bás. Tháinig an sagart, agus bhí an dá easbol leis. Bhí siad ag urnaighe as cionn an ghasúir acht ní rabh siad ábalta é a dhéanamh beo.
    Dubhairt an sagart go gcuirfeadh sé aifreann leis. Nuair a bhí an sagart ag toiseacht ar an aifreann an Domhnach seo, nocht an gasúr a fuair bás aníos ag bun na h-altóra, agus d'iarr sé ar an t-sagart gan a bheith ag rádh aifreann ar bith leis, nach go rabh sé síos i bpiantas ifrinn. Stad an sagart ansin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear amaideach ann fadó agus chuaidh se amach a baint adhmuid. Tháinig sé go dtí áit a rabh abhainn. Bhí crann ag fás ar thaobh amháin de'n abhainn agus géag ag fás treasna na h-abhna. Dar leis féin gur sin géag bhreág le baint. Chuaidh sé suas agus shuidh sé amuigh ar imeall an ghéag agus thoisigh sé a ghearadh.
    Tháinig fear eile thart agus dubhairt sé. Nach bhfuil fhios agat a amadáin nuair a ghéarfas tú an géag sin go dtuitfidh tú féin agus é féin agus an tuaidh isteach 'san abhainn. Níor leig an t-amadán air féin go rabh sé ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.