Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 426

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 426

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 426
  3. XML “Scéal - Na Trí Fhathach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    D'imthigh leis agus tháinigh sé go dtí teach agus chuir ceist ar an maighistir ar rabh seibhsiúir a dhith air, dubhairt sé go rabh agus dubhairt sé leis an gasúr go rabh trí fhathach thíos ins an choillidh sin agus go marbhann sé na seibhsiúir uilig air. Choinnig an maighistir an gasúr. Ar maidin lá thar na bhárach dubhairt sé leis gasúr na mbíonn déor ar bith bainne ag an eallach nó mblighean na fathaigh iad gach lá.
    D'iarr an maighistir ar an gasúr gan an eallach a ligean isteach ins an coillidh acht chuir sé isteach san choillidh iad. Ní rabh sé i bhfad ins an choillidh go bhfachaidh sé fathach ag tarraingt air agus chuaidh sé suas i gcionn de na crainn, ós cionn an áit a rabh an eallach.
    Thainig an fathach agus thoisig sé ag bhlighe n-eallaigh. Bhí cleadheamh beag ag an gasúr a thug a mhathar dó agus bhí sé leis ar fad. Ach chaith sé an claidheamh ar an fathach agus bhain sé an cionn dó.
    Teacht na h-oidhche bhí an maighistir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhuibhir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Éamonn Mac Giolla Easbuig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall