Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luinneach
- XML Leathanach 420
- XML “An Scéal Draíochta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tháinig bean isteach ar pholl na h-eochrach agus sgannruighe sí an ghirrseach, d'iarr an bhean uirthi gan eagla a bheith uirthi, nach gur eise a máthair. Dubhairt sise go rabh sí na suidhe go brónach leithe féin. Chuir a mháthair ceist uirthi, comh tuighe nach rabh sí ag an damhsa, agus dubhairt an ghirrseach nach rabh éadach ar bith aici le cuir uirthi.
Thug a máthair éadach deas agus bróga duithe agus d'iarr sí uirthi dul ag an damhsa, agus a bheith ins an bhaile ar an dó dhéag a chlog. D'imthigh sí ag an damhsa agus bhí sí ag damhsa le mac an riogh.
Nuair a bhí sé an dó dhéag a chlog, d'imthigh sí na bhaile, agus nuair a tháinig an mháthair agus an ghirrseach na bhaile, bhí siad ag cainnt ar an ghirrseach deas a bhí ag an damhsa. Níor leig an ghirrseach eile a dhath uirthi féin fá dtaoibh de ghach ar bith.
An dara oidhche chuaidh an mhathair agus an ghirrseach ag an damhsa arís. Bhí an ghirrseach ina suidhe ag cois na teineadh, agus í go brónach, agus tháinig an mháthair aici arís. Thug sí éadach dhá uair comh deas duithe agus thug sí duithe ar tús. D'imthigh an ghirrseach ag an damhsa an dara oidhche, agus bhí sí ag damhsa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nuala Nic Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Doimnic Ó Frighil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall