Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 419

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 419

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 419
  3. XML “Scéal - An Fear Amaideach agus an Fear Críonna”
  4. XML “An Scéal Draíochta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí inghean aca. Fuair an mháthair bás agus phós an t-athair arís.
    Bhí inghean aca, agus nuair a d'éirigh an ghirrseach mhór bhí an mháthair iongantach mhaith duithe, agus bhí fuath aici ar an chéad inghean.
    Ní thabhairfeadh sí éadach ar bith duithe agus ní rabh uirthi acht sean éadach agus chaithfeadh sí luighe i gcois na teineadh. Caithfeadh sí an obair uilig a dhéanamh agus ní dhéanfadh siadsan a ghath acht a gcoirfeadh féin, agus bhéadh siad ag acht an damhsa.
    Oidhche amháin, thug an rí cuireadh daobhtha a dhul ag damhsa a bhí aige. D'imthigh an mháthair agus a n-inghean ag an damhsa agus bhí an chéad inghean na suidhe ag cois na teineadh, agus í go buadhartha brónach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.