Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 418

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 418

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 418
  3. XML “Scéal fá dtaobh den Bhean a Fuair Nóta Punta Caillte”
  4. XML “Scéal - An Fear Amaideach agus an Fear Críonna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear amaideach agus fear críonna ag siubhal an bheallaigh mhóir lá amháin. Dubhairt an fear amaideach leis an fhear chríonna. Caidé cinéal leabaidh a mbíonn tú do luighe uirthi. Dubhairt an fear críonna gur leabaidh chluimhrigh. Chuir an fear amaideach ceist air an bhfuil sé deas a bheith do luighe ar leabaidh chluimhrigh. Dubhairt an fear críonna nach rabh sé na luighe ar leabaidh ariamh comh deas léithe.
    Lá amháin bhí an fear aimaideach ag siubhal amuigh ar an bhealach mhór agus casadh cleite air. Bhí luthghair mhór air, agus thug sé leis na bhaile í. Nuair a chuaidh sé na bhaile, d'fhág sé an cleite na luighe ar an urlár agus luighe sé air.
    Nuair a d'éirigh sé ar maidin, bhí a chuid cnámha uilig nimhneach. Dubhairt sé is maith mar tá an mhuinntir a bhíos na luighe ar na céadtaí. Mise nach rabh na luighe ach ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nuala Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Liam Ó Fearraidhe
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    An Luinnigh, Co. Dhún na nGall