Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)buistéoir. Ní mharbheochaid an buisteór an tarbh, ní ólfaidh an tarbh an t-uisge, ní bhaithfidh an teine, ní dhóighfidh an teine an bata, ní bhuailfidh an bata an madadh, ní chuirfidh an madadh an mhuc thar an chlaidhe agus ní bhfuighidh mise na bhaile anocht.
Annsin casadh rópa uirthi agus d'iarr sí ar an rópa an buisteóir a chrochaidh acht dubhairt an rópa nach gcrochadh. Ní chrochaidh an rópa an buisteóir, ní mharbheochaidh an buisteóir an tarbh, ní ólfaidh an tarbh an t-uisge, ní bhaithfidh an t-uisge an teine, ní dhóighfidh an teine an bata, ní bhuailffdh an bata an madadh ní cuirfidh an madadh an mhuc na bhaile. Annsin casadh luchóg uirthi agus d'iarr sí ar an luchóg an rópa a ghearradh, acht ní ghearrfadh. Ní ghearrfadh an luchóg an rópa agus rl.
Casadh cat uirthi agus d'iarr sí air an luchóg a mharbhadh, acht ní mharbheochadh. Ní mharbheochadh an cat an luchóg gan bainne. Annsin casadh bó uirthi agus d'iarr sí bainne ar an bhó, acht ní thabharfadh an bhó bainne díthe gan féar. Chuaidh sí giota eile agus chonnaic sí fir ag obair i gcuibhreann agus d'iarr sí féar ortha agus fuar sí cuid agus thug de'n bhó le n-ithe. Bhain sí baine de'n bhó agus thug de'n chat é. Annsin d'imthigh an cat i ndiaidh an luchóg i ndiaidh an rópa, an rópa i ndiaidh an bhuisteóir, an bhuisteoir i ndiaidh an tairbh i ndiaidh an uisge, an t-uisge i ndiaidh na teine, an teine i ndiaidh an bhata, an bata i ndiaidh an mhadadh i ndiaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Nic Ghaothin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chorrmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Toirdealbhach Mac Gaothin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Chorrmhín, Co. Dhún na nGall