Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 415

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 415

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 415
  3. XML “Scéal - An Fear a Bhí ag Cur na Bó suas ar an Teach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear agus bean ann agus bhí bó aca. Bhí féar ag fás thuas i mullach an tighe. Ní rabh fhios aca caidé an dóigh a mbainfeadh siad an féar. D'iarr an bhean air an bhó a chur suas ar an teach agus go n-íosfadh sí an féar. Dubhairt an fear gurbh 'é sin an dóigh a b'fearr.
    Tráthnóna amháin thoisigh an fear ag cur suas na bhó ar mhullach an tigh, acht ní rabh sé ábalta í a chur suas. Bhí an bhean ag coimead air agus d'iarr sí air leigint dí. Tháinig bean thart agus chuir sí ceist air caidé a bhí sé a dhéanamh. Dubhairt seisean go rabh sé ag iarraidh an bhó a chur suas ar an teach. D'iarr sise air gan a bheith leath comh h-amaideach agus a bhí sé.
    D'iarr sí air corrán a thabhairt leis agus an féar a bhaint agus é a chaiteamh anuas ag an bhó. Rinne an fear mar a h-iarradh air. Thug sé leis an corrán agus chuaidh sé suas ar an teach, bhain an féar agus chaith annuas ag an bhó é.
    Bhí an fear an bhuidheach dí ná shábháil sí cuid mhór oibre dó. Ní smaointeochadh an fear seo corrán a thabhairt leis, leis an fhéar a bhaint.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1210: The Cow is Taken to the Roof to Graze
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sadhbha Ní Baoighill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Srath na Bruaí, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    43
    Seoladh
    Srath na Bruaí, Co. Dhún na nGall