Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 414

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 414

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 414
  3. XML “Scéal - An Madadh Rua agus an Gabhar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí madadh ruadh agus gabhar ag siubhal thart lá amháin agus bhí sé iongantach te. Bhí tart ortha agus dubhairt an madadh ruadh leis an ghabhar go siubhalfadh siad leo go bhfeicfeadh siad an bhfuigheadh siad uisge ar bith. Shiubhal siad leo go dtáinig siad go dtí thobar uisge a bhí thios faoi an talamh. Chuaidh siad síos agus d'ól siad a sáit.
    Nuair a bhí a sáit ólta aca d'amharc siad suas agus bhí sé iongantach árd agus ní rabh fhios aca caidé a dhéanfadh siad. Smaointigh an madadh ruadh go rachadh seisean suas ar dhruim an ghabhair agus d'iarr sé ar ghabhar a dhá chois achur suas ar an bhalla agus go rachadh seisean suas ar a dhruim. Rinne an gabhar mar h-iarradh air.
    Chuir sé a dhá chos suas ar a dhruim. Dubhairt an madadh ruadh leis an ghabhar go bhfuighadh sé greim dhá adharc air agus go dtabharfadh sé aníos é. Nuair a chuaidh an madadh ruadh amach shuas ar bharr, shiubhal sé leis thart agus nuair a b'fhada leis an ghabhar nach rabh sé ag dul a thabhairt suas, chuir sé ceist air nach rabh sé ag dul a sheasamh do na ghealltanas. A amadáin bocht arsa an madadh ruadh dá mbéadh oiread céille agat agus tá de fhéasóg ort ní bhéadh tú thíos annsin anois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
        1. sionnaigh (~151)
    Innéacs seanscéalta
    AT0031: The Fox Climbs from the Pit on the Wolf's Back
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sadhbha Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Srath na Bruaí, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Nuala Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    76
    Seoladh
    Srath na Bruaí, Co. Dhún na nGall