Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 411

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 411

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 411
  3. XML “Paróiste Ghaoth Dhobhair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a bfheárr agus a badh áirde 'san díoghóise.
    Dóigheadh an séipéal a bhí 'san pharóiste roimh ré, teach beag ceann tuighe, san bhliadhain 1858, acht ní bhuaras amach ariamh caidé badh siocair de. Is dóiche gurab é taisme ná faillighe a badh chionntuighe leis.
    Bhí an Bun Beag iongantach Gallda 'san am - agus leoga go fóill i gcúrsa na teangan - agus bhí buachaill siopa, i siopa mór an Bhun Bhig, darbh ainm "Johnnie Beattie" agus bhí cuid de na daoinibh ag cur síos gurab é a chur teach an phobail ar theine. D'imthigh sé amach as an Bhun Bheag ins an am agus creidim gurab é sin an fath ina rabhthar ag fágail an mhilleáin air. Measaim nach rabh a' dhath ag "Johnnie" bocht le déanamh leis gidh go rabh sé ina Gall Dhubh agus é anuas go mór ar na Catoilicighibh.
    Tá cunntas eile fá dtaoibh de'n dóigheadh seo, agus is í baramhail an iomad daoine gurab é mar seo a thárlaigh sé.
    Roimh seo phosaidh na lánamhna ins an oidhche agus rachadh na cóisirí uilig chun an tséipéal leis an lánamhain. Cruinneóchadh an t-aos óg nach rabh cuireadh ar bith aca go teach an phobail fosta leis an phosadh a fheiceáil, ná bhí na daoine iongantach bunadhasach 'san am, agus dhéanfadh siad an lánamhna a chuideachtughadh chun an bhaile.
    Bhí gléachas i dteach an phobail, ceann gan fána, agus rachadh an mhuinntear míofháilteach seo suas air agus d'fhanóchadh siad annsin go mbeadh gach rud thart.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)