Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 405

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 405

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 405
  3. XML “Scéal - Mac an Bhaill Dhuibh”
  4. XML “An Seirbhíseach Girsí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    nuair a chualaidh an mháthair gurab é a mac a bhí ann bhí lúthghair mhór uirthi, acht nuair a d'innis an t-athair dí gurab é an gaduidhe is mó ar an domhain é bhí brón mór uirthi.
    Is fearr duit imtheacht arsa'n t-athar ná tá fear uasal thuas annsin agus scaoilfidh sé tú má chluineann sé gurab é gaduidhe atá ionnan.
    Chuaidh an t-athair chuig an fear uasal agus d'innis sé an sgéal dó. Sgaoil sé an gaduidhe agus bhí an t-athair agus an mháthair iongantach buadhartha ó shin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí bean ann fad ó shoin agus bhí triúr mac aici. Rinne sí seirbhíseach girrsighe a fhastódh. Dílleachta a bhí innti agus bhí a hathair agus a máthair marbh. Bhí sí ina comhnuidhe i dteach ina rabh fear amháin ann, agus rinne seisean í a fhastódh ar feadh deich mbliana leis an mhnaoi seo. Nuair a bheadh na deich mbliana thuas bhí suim áirithe airgid le fágháil aici.
    Bhí go maith agus ní rabh go holc go rabh na deich mbliana istoigh, agus ní rabh an t-airgead le fágháil ag an girrsigh. Smaointigh an bhean seo nach rabh airgead ar bith aici le tabhairt dí agus gur mhaith an cleas í a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.