Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 402

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 402

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 402
  3. XML “Scéal - Bean an Dá Adharc Déag”
  4. XML “Tomhais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chuaidh an bhean suas agus sgairt sí, "tá an lios le teinidh". D'imthigh na mrá amach i mullach a chéile agus bhris siad na hadharca ag dul amach ar an doras daobhtha. Dhruid an bhean an doras ina ndiaidh agus chuir sí bolta go maith air.
    Tháinig siad tamall ina dhiaidh sin agus d'iarr iad a leigint isteach. Dubhairt an bhean "nach leigfeadh". Dubhairt siad-san go gcaithfeadh siad fágháil isteach, ná go rabh an stól ar chúl a chinn. Dubhairt sise nach rabh, ag imtheacht agus a thógáil. Bhí siad ag beicfidhe agus sgairtigh ag an doras gur sgairt an coileach ar maidin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Timthire beag ó theach go teach agus codlann sé amuigh 'san oidhche. Freagra: casán.
    Bhí fidiléir i n-Éirinn agus dearbhráthair de ina phíobaire i n-Albain. An píobaire a bhí i n-Albain ní rabh dearbhráthair ar bith aige ina fidiléir i nÉirinn.
    Fr: Deirbhshiúir de a bhí i nÉirinn.
    Teidheann sé thart ar an teach, agus thart ar an teach agus codlann sé i gcoirnéal (i gcúinne) na cistineadh.
    Fr: Sguab.
    Cosa fada, mása goiride. ceann beag agus dhá shúil.
    Fr: Maide briste.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.