Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)

Suíomh:
Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Fhionnaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 297

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 297

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Chladaigh
  2. XML Leathanach 297
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí sin ann agus is fad' ó bhí, fear abhí na chomhnuidhe shuas i gCo Thír-Eoghain, agus é pósta ar bhean as Machaire-chlochair seó amuigh.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    a tháinig siad i dtír in India, chuaidh siad suas go teach an fhir a bhí ag díol an lósta leó.
    Bhí cailín annsin, agus nuair a chonnaic sí gur fir bhána a bhí ionnta cosamhail leithe fhéin, thoisigh sí a’ ghol agus a’ chaoineadh. “Goideadh mise ó cheidh Lunndain, agus tá mé ‘mó sclábhuidhe annseó ó shoin. Sé an nós atá aca annseó, duine bán a dhoghadh nuair a bíos ollghairdeachas ortha fá rud ar bith, agus tá mise le doghadh anocht”.
    “Na bíodh eagla ort” arsa an Captaoin “smaointeóchaidh muid ar ghléas le tú a shabhail. Cá bhfuil fear an toighe?”
    “Tá sé amuigh annsin ag cuidiú leó an teine a dheánamh réidh” arsa sise.
    D’imthigh an Caphtaoin agus an mate síos go dtí an soitheach arís, agus nuair a bhí siad ag dhul thaire roilig, mhothuigh siad callán mór istigh. “Tóg suas mé” arsa an Captaoin “go bfeicfhidh mé goidé tá ar siubhal annseó”. Goidé do bharamhail a chonnaic sé acht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0505: Dead Man as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Nábla Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    92
    Seoladh
    Gabhla, Co. Dhún na nGall