Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 296
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí sin ann agus is fad' ó bhí, fear abhí na chomhnuidhe shuas i gCo Thír-Eoghain, agus é pósta ar bhean as Machaire-chlochair seó amuigh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)go dtáinig siad go dtí sgoil mhór, agus isteach leó. Arsa an t-uncáil leis an mhaighistir “Seó gasúr, agus tabhair leigheann 4 bliadhna dó, agus annsin dhá bhliadhain de leigheann fairrge ‘na dhiaidh sin, agus dheamhan pinginn airgid a gheobhaidh tú go gcruthuighidh sé é fhéin.
Nuair a bhí na sé bliadhna istoigh bhí an gasúr ‘na fhear mhór, láidir, agus é go cumtha doigheamhal, deagh-labharthach, agus sgoith a leighinn aige d’achán chineál.
Arsa an t-uncáil leis “Tá soitheach shíos ag an cheidh, agus í ag gabhail go h-India fá choinne lósta. Tá tusa gabhail a bheith do Chaptaoin uirthí, agus caithfhidh an soitheach bheith arais annseó trí lá níos luaithe nó bheadh sí achan am eile. Tá an mate ceadhna uirthí a bhí i gcomhnuidhe uirthí, agus b’féidir nach mbéadh sé sásta tusa a bheith ós a chionn, acht nach tabhair áird air”.
D’imthigh an soitheach, agus nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nábla Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 92
- Seoladh
- Gabhla, Co. Dhún na nGall