Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 295
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí sin ann agus is fad' ó bhí, fear abhí na chomhnuidhe shuas i gCo Thír-Eoghain, agus é pósta ar bhean as Machaire-chlochair seó amuigh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)deireadh tháinig sé go dtí teach a uncal agus bhuail sé ar an doras.
Tháinig cailín aimsire go dtí an doras agus nuair a chonnaic sí cé bhí ann bhuail sí an chomhlaigh amach in’ éadan. “Cé atá ann” ars’ fear a’ toighe, “O tá, smugáchan gasúra” ars sise “agus d’iarr mé air bheith ar shiubhal”.
“Ó” arsa seisean “leig ‘steach é, tá mé ag feitheamh leis le cúpla lá”.
Leigeadh isteach an gasúr agus bhí luthgáir mhór ar an uncáil roimhe. Rinneadh réidh biadh, agus d’ith an gasúr a sháith nó bhí sé lag leis an ocras.
Annsin Thómhais an t-uncail é, agus thug sé amach é gur cheannuigh sé éadach úr dó. Ní rabh an gasúr cleachtuidhe le bheith a chaitheamh éadach galánta agus l?] ní thiocfhadh leis stad acht ag coimhead síos air fhéin. “Ná bhí ag deánamh sin” arsa an t-uncáil “nó bhéidh fhios ag achan dhuine nach rabh éadach maith ort ariamh aroimhe”.
D’imthigh an bheirt aca leó fríd an chathair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nábla Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 92
- Seoladh
- Gabhla, Co. Dhún na nGall