Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tháinig dream d'fhir laidire fá choinne troid a chuir ar na Fianna. Bhí eagla ar na Fianna go bhfuigheadh siad an bhuaidh orthu agus smaointigh siad ar seift. D'imthigh cuid aca amach a sheilg. Chuaidh Goll a'bhuachailleacht agus Conan a luighe sa chliabhan.
Thainig na fir agus chuir siad ceist ar Goll cá rabh na Fianna. Dubhairt siad go rabh siad ag seilbh acht nach mbeadh ibhfad go bpillfeadh siad. D'iarr siad an bhológ air acht ní thabharfadh Goll dobhtha é. Bheir siad greim adhairce uirthi agus rinne siad dhá leath díthe ó chlár a h-éadan go bárr a rubaill.
Chuaidh siad isteach 'un toighe annsin agus bhí iongantas ortha go mór agus bhí an leabh. Bhí an ghaoth isteach sa doras agus d'iarr siad ar bhean a 'toighe an doras eile a fhoscladh. "Ó" arsa sise, "nuair a thiocfas na fir isteach athróchaidh siad thart an teach". "Ma's sin mar tá" arsa na fir "tá an t-am againne bheith ar shiubhal"- Bailitheoir
- Seán Mac Giolla Chomhghaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14