Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)

Suíomh:
Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Fhionnaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 285

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 285

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Chladaigh
  2. XML Leathanach 285
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí maighistir ann aon uair amháin agus rinne sé buachaill a fhastódh. Thug sé tuarastal triúr fear do'n bhuachaill 7 bhí aige le cuid bidh triúr a ithe.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    seó geall go rabh buachaill aige-san a d’íosfhadh iad. Chuir an mhuinntir eile cúig chéad púnnta leis nach rabh.
    D’imthigh an maighistir ar lorg an bhuachaill acht ar an droch-uair dó fhéin bhí a sháith ithte aige. “Acht níl rud ar bith cosamhail le fiachailt” ars’ seisean.
    Rinneadh réidh na h-éanlaith dó agus thoisigh sé dhá n-ithe. Nuair a bhí scór ithte aige dubhairt sé leis an maighistir go rabh na cosa ag teacht aníos in a sgeadamán. Chuir na fir eile ceist caidé dubhairt sé. “Tá” arsa seisean “dubhairt sé go mbéadh sé ábalta cheann agus fiche eile a ithe.
    Bheir na fir air an ceann a bhí fágtha agus chaith siad amach ar an fhuinneóig í. Bhain an maighistir an geall agus fuair sé na cúig chéad púnnta.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Bhriain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13