Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leat in do láimh”.
Lá amháin eile bhí sé ag obair ag fear agus thug sé pigín bainne dó. Chuir an gasúr bocht an bainne isteach i bpaipéar agus thug leis na bhaile é. Nuair a bhí sé sa’ bhaile ní rabh deór ar bith fágtha. “Nach tú an cláiríneach bocht” arsa a mháthair, cad chuige nár chuir tú an pigín ar do cheann”.
Tamall na dhiaidh sin rinne sé lá oibre do fhear agus fuair sé asal mar thuarastal. Bhí sé ag iarraidh an asal a chuir ar a cheann agus gan ag éirigh leis ró-mhaith, acht sa’ deireadh fuair sé suas ar dhoigh éigin é agus síud leis na bhaile.
Bhí nighean an rí ag éileamh san am agus dubhairt na doctúirí dá dtiocfhaidh gáire a bhainnt aistí go mbeadh biseach uirthi. D’fhiach go leór le gaire a bhaint aistí acht ní rabh maith ann, go dtí go bhfaca sí an gasúr agus an asal ar a cheann. Rinne sí a seacht sáith, gáridhe annsin agus bhí biseach ortha. Bhí luthgháir mhór ar an rí agus thug sé cuid mhór airgid don ghasúr agus bhí doigh mhaith air ó sin amach.- Bailitheoir
- Cáit Ní Bhriáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall