Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Gasúr Amaideach.Bhí gasúr beag ann aon uair amháin agus ba ghnáthach leis a bheith ag obair annsiúd agus annseó ag achan duine. In áit airgead a thabhairt do mar thuarastal bhéarfhadh siad rud eighinteach eile dó.
Lá amháin bhí sé ag obair ag fear agus fuair sé cat. Thug sé an cat leis na bhaile ar a dhruim agus nuair a shroich sé an baile bhí sé sgríobtha geárrtha uilig aige. “Cad chuige nár chuir tú rópa air agus é a tharraingt ‘do dhiaidh” arsa a mháthair. Dubhairt an gasúr go mbéadh sé níos críonna an dárna lá.
Cúpla lá in a dhiaidh sin bhí sé ag obair ag buistéarmagus fuair sé píosa feóla mar thuarastal. Cheangal sé rópa air agus tharraing sé na bhaile é. Bhí an fheól millte nuair a bhí sé sa’ bhaile agus b’éigin do na mhathair é chaitheamh amach. “Ná deán sin níós mó” arsa an mhathair, “cad chuige nár chuir tú paipéar air agus é [thabhrfa]?(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Bhriáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall