Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 274
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Bhí fear bocht ann aon uair amháin, agus ní rabh culaith éadaigh aige le cuir air 'un Aifrinn Dia Domhnaigh, agus smaointigh sé go rachfhadh sé amach a' chruinniú ar na comhursain.”
(ar lean ón leathanach roimhe)eile agus sgairt sé air arís agus chá dtainig sé. Nuair a sgairt sé air an tríomhadh uair tháinig an fear chuige san t-seomra ceadhna ann a bhfuair sé bás.
Chuir an sagart ceist air cá rabh sé nuair a sgairt sé air an chéad uair. Dubhairt an fear go rabhthar ag sgaoileadh na slabhraí. Chuir an sagart ceist air cá rabh sé an darna uair agus dubhairt sé go rabh sé ag teacht amach ar gheaftaí Ifrinn, agus go rabh sé annseó an tríomhadh uair.
Chuir an sagart ceist air an bhean cen áit a gcuirfheadh sise é. Dubhairt sí go gcuirfeadh sí i gcúl an toighe é. Chuir sé ceist ar fhear de na mic agus dubhairt seisean go gcuirfheadh sí i gcúl an ghárraidh é. Chuir sé ceist ar an triomhadh duine agus dubhairt seisean go gcuirfheadh sé san áit as a dtáinig sé.
D’imtigh an fear bocht leis go h-Ifreann ag sgreaduigh agus ag sgréad’ach, agus thionntuigh muinntir an toighe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aodh O Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall