Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 272
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Bhí fear bocht ann aon uair amháin, agus ní rabh culaith éadaigh aige le cuir air 'un Aifrinn Dia Domhnaigh, agus smaointigh sé go rachfhadh sé amach a' chruinniú ar na comhursain.”
(ar lean ón leathanach roimhe)fhir aicí, agus thug sí do’n fhear bhocht í, a d’iarr sí air a ghabhail amach ‘un Aifrinn an chéad Domhnach eile agus an chulaith a chuir air.
Nuair a tháinig an Domhnach, chuir sé air an chulaith agus d’imthigh sé ‘un Aifrinn. Shuidh sé isteach í suidheach i dtaobh an tigh pobail, agus tháinig an sagart amach, agus thoisigh sé ar an Aifreann. Acht cé bith a bhí air ní thiocfadh leis an t-Aifreann a leigheamh.
Thionntuigh sé thart ar an [altoir]? agus chuir sé ceist an rabh aon Albanach istigh agus char labhair aon duine. Thosuigh sé ar an Aifreann arís acht níor éirigh leis; agus thionntuigh sé agus chuir sé an cheist cheadhna, acht níor labhair duine ar bith.
An tríomhadh iarraidh, d’éirigh leis mar an gceadhna, agus chuir sé ceist annsin an rabh duine ar bith istigh a rabh culaith Albanach air. D’éirigh an sean duine ná sheasamh agus dubhairtm go rabh culaith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aodh O Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall