Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 267
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Bhí fear na chomhnuidhe ar an Bhealtaine Bheag fada ó shoin a rabh Séamus 'Ac Fhionnghaile mar ains air.”
(ar lean ón leathanach roimhe)mharbhuigh sé é.
Thug an dá fhathach eile leó an fear marbh síos go dtí an traigh, an áit a rabh siad na gcomhnuidhe, .Ar maidín chuaidh Séamus na bhaile agus chuaidh sé a luighe.
Choimhead sé an áit mar an gceadna an oidhche sin, agus mharbhuigh sé an darna fathach. Annsin chuaidh sé na bhaile agus chuaidh a luighe.
Indhiaidh Séamus a ghabhail a luighe fuair an rí leitir ag iarraidh ar Shéamus ghabhail síos ag an fhathach agus an lá a chaitheamh aige. D’éirigh Séamus; chuir sé air an craiceann agus an claidheamh le na thaobh agus d’imthigh sé. Nuair a chuaidh sé isteach i dtoigh an fhathaigh, bhí sean-chailleach na suidhe sa’ chlúdaigh agus cáir mór fada uirthí… Dubhairt sé “Dá mbeadh biadh ar bith istoigh anois thiocfhadh libh bhur saith ithe” “Tá tarbh amuigh sa’ pháirc agus thig libh é mharbhughadh”.
Chuaidh siad amach agus mharbhuigh siad an tarbh. Rinne siad réidh an bhiadh uilig i gcuideachta agus chuir siad ar an tábla é. An chéad duine a bhí le bheith réidh bhí sé le marbhughadh. Bhí siad ag ithe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall