Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)

Suíomh:
Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Fhionnaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 253

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 253

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Chladaigh
  2. XML Leathanach 253
  3. XML “An Fear Amaideach agus an Fear Críonna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    “Tá culaith mhaith éadaigh ort” arsa an diabhal. D’imir siad leó agus chaill Seán a chulaith eadaigh agus bhí sé tár nochtaidhe.
    “Níl a dhath agam anois” arsa Seán “Tá dhá shúil mhaith in do chloigeann” arsa an diabhal. D’imir siad leó agus bhain an diabhal arís agus chaill Seán a dha shúl.
    B’éigin do Sheán an imirt a thabhairt suas an iarraidh seó. Bhí a chuid airgid caillte aige agus amharc na súl, agus gan snaithe éadaigh aige le cuir ar a dhruim.
    D’imthigh sé leis ar a chosa agus ar a lamha, agus tháinig sé go dtí cró beag an áit a mbeithfí a deánamh poitín. Chuaidh sé isteach agus chuaidh sé i bfolach istigh i mbairille. Ar uair an mheadhon oidhche tháinig dhá chat déag agus rí chat isteach. “D’innseochainn sgéal dibh” arsa an rí chat “dá measfhainn nach rabh duine ar bith ag éisteacht”. Chuartuigh na cait an áit agus ní fhaca siad rud ar bith.
    “Anois, innseochaidh mé an sgéal díob” arsa an rí chat. “Tá inghean Rí na h-Éireann le bás i mBaile Atha Cliath agus an duine a leigheasfhas í, tá sí fhéin nó dhá charr ór le faghail aige. Ní leigheasfaidh rud
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Bhriáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14