Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amuigh ag bun na spéire. “Sin Tír na n-Óg” arsa Niamh Chinn Óir.
Shroich siad é agus cuireadh fearadh na failte roimh Niamh agus Oisín.
D’fan Oisín i dTír na n-Óg trí chéad bliadhain agus shíl sé nach rabh sé thiar ach trí bliadhna. Lá amháin dubhairt sé le Niamh Chinn Óir go rabh sé ag gabhail go h-Éirinn a dh’amharc ar a mhuinntir. D’iarr sise air gan a dhul acht ní rabh maith beith leis. Sa deireadh thug sí an t-each bán dó agus d’iarr sí air, ar a bhás gan tuirling de’n each, nó nach bfeicfheadh sí é a choidhche arais. Gheall Óisín dithe nach dtiocfhadh sé anuas de’n each ar chor ar bith.
D’imthigh sé leis go h-Éireann agus bhí iongantas na n-iongantas air fá’n athrughadh a bhí tagaithe ar ar tír, agus h-innseadh dó go rabh na Fianna marbh le na céadtaí bliadhain agus gur bheag eolas a bhí [ortha]? anois. Bhí cumhaidh mhór ar Oisín agus d’imthigh sé leis ag pilleadh arais ar Thír na n-Óg.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Méadhbha Ní Bhriáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14