Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siar. “Long a chaithfheas a bheith ann” arsa duine aca. “Maise, níl deánamh luing air” arsa an darna fear. “Caidé eile bheadh ann” arsa an tríomhadh fear. Acht ba ghoirid go dtáinig an toirt níos deise daobhtha agus gur aithin siad nach long ná bád a bhí ann, acht each diallaide agus marcach ar a dhruim. Nuair a tháinig sé isteach in aice leó thug na Fianna fa dear’ gur each geal bán a bhí ann agus é gleásta ní ba deise nó each ar bith dá bfacaidh siad ariamh in Éirinn.
Bhí cailín óg mar mharcach air. Culaith de’n tsíoda uirthí ba [dase]? dá bfaca súil ariamh. Bhí coróin lonnrach ar a ceann agus á gruag buidhe ná slaoidheanna anuas ar a ghuailneacha. Shiubhail leithe aníos taobh an chnuic go dtí an áit a rabh na Fianna na suidhe. D’éirigh Fionn agus chuir fáilte roimhí agus chuir ceist uirthí caidé an tír a dtáinig sí as.
“Tháinig mise” ar sí, “as tír nach bhfuil a leithéid faoi rapadh na gréime, sa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Méadhbha Ní Bhriáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14