Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 238
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear agus bean ann uair amháin agus bhí triúr nigheanach aca. Bhí siad iongantach bocht 7 ní rabh slighe bheatha ar bith aca acht ag dul na coilleadh a bhaint brosna agus a dhíol.”
(ar lean ón leathanach roimhe)“Caithfhidh tú mise a throid imbárach” adeir sé.
Chuaidh an bheirt le chéile agus bhí siad ag troid go dteárn síad bogán den creagan agus creagan den bhogán agus dá mbeadh fear ó iochtar a’ domhain go uachtar a’ domhain gur ar an dís a thiocfhadh sé a dh’amharc.
Nuair a bhí neóin agus deireadh an lae ann thug an buachaill fuscadh dó agus an darna ceann steall sé an cloigeann dó. Thug sé léim eadar an cholainn agus an cloigeann. “Char bhac duit” arsa an fathach, “dá bhfuighinn sé ar a’ cholainn arais feara fáil nach scarfhadh é”.
Chuaidh sé isteach chuici-se annsin agus ní rabh sise a’ brathach é leigean ár shiubhal ní bfuide acht dubhairt seisean go gcaithfheadh sé an bheirt eile a’ chuartughadh.
D’imthigh sé leis ar maidin agus nuair a chuaidh sé amach thainig an t-each dubh fhad leis arais, agus thug sé go dtí caisleán é á rabh cumhdach sgullingeacha air. Bhí fathach mór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall