Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 237
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear agus bean ann uair amháin agus bhí triúr nigheanach aca. Bhí siad iongantach bocht 7 ní rabh slighe bheatha ar bith aca acht ag dul na coilleadh a bhaint brosna agus a dhíol.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a d’éirigh siad ar maidin chuir an seanduine each dubh leis nach mbainfheadh ribe do’n ghaoth agus nach mbainfheadh an ghaoth ribe dó, “agus bhéarfhaidh an t-each dubh thú fhad leis an fhathach a bhfuil an chéad bhean do de chuid deirbhshiúracha aige”. Shiubhal leis go dtáinig sé fhad le caisleán agus bhí cumhdach pingeacha uilig go léir ar an chaisleán. Léim sé anuas ón bheathadhach agus d’imthigh an beathadhach uaidh. Chuaidh sé isteach agus thainig bean an toighe fhad leis. Chuir sé ceist uirthí b’í bhí ann agus dubhairt sí gurbh í. D’innis sé duithe annsin gurbh eisean a dearbhrathair.
“Ó, nach truagh mise” arsa sise “ag amharc ar an fhathach do mharbhughadh. “Bhal, troidfhidh mise an fathach” arsa seisean. Chuir sí i bfolach annsin é agus nuair a tháinig an fátach “Mothuighim boladh an Éireannaigh fá mó chaisleán anocht”. “O beidh sin agat fhad is bheidh mise agat” arsa sise.
Acht nuair a tháinig an lá chuartuigh an fathach an teach agus fuair sé an buachaill.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall