Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)

Suíomh:
Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Fhionnaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 236

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 236

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Chladaigh
  2. XML Leathanach 236
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear agus bean ann uair amháin agus bhí triúr nigheanach aca. Bhí siad iongantach bocht 7 ní rabh slighe bheatha ar bith aca acht ag dul na coilleadh a bhaint brosna agus a dhíol.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    “Bhal, mó dhún as mó dhorn orm-sa” arsa seisean, “nach bhfaghamh suaimhneas go bhfaghaidh mé amach iad”.
    “Ó, ní choróchaidh tusa [nainn]?” ars an mhathair “tá tú beag go leór againn fhéin”. Acht chaithf’eadh seisean imtheacht. D’iarr sé uirthí lón bidh a dheanamh réidh do, agus rinne sí réidh dhá bhonnóg aráin. Chuir sí ceist air ciaca a bfeárr leis, an bhonnóg mhor agus a mallacht nó an bhonnóg bheag agus a beannacht. “Is feárr liom an bhonnóg bheag agus do bheannacht” a deir sé agus d’imthigh sé annsin.
    Shiubhal sé leis go dteachaidh sé go dtí coillidh mhór. Chuaidh sé isteach sa’ choillidh agus chonnaic sé solas beag i bfad uaidh agus tharraing sé air. Ní rabh sá teach ach seanduine mór. D’fhiafruigh an seanduine caidé bhí ag cuir bhuaidheartha air, agus d’innis an buachaill dó ó na thús go dtí na dheireadh.
    “Fan agam-sa go maidin” ars an seanduine, “agus bféidir go dtabharfaidh eólas imbárach duit.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Dubhgáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Seoladh
    Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall