Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)

Suíomh:
Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Fhionnaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 235

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 235

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Chladaigh
  2. XML Leathanach 235
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear agus bean ann uair amháin agus bhí triúr nigheanach aca. Bhí siad iongantach bocht 7 ní rabh slighe bheatha ar bith aca acht ag dul na coilleadh a bhaint brosna agus a dhíol.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    phill an fear na bhaile agus lán carr de ghinidheacha leis. D’fiafruigh an bhean dó tá rabh na nighneacha. Dubhairt sé leithe gur dhíol sé an bhean a ba sine ar lán a charr de phingeacha, an darna bean ar lán a charr de sgillingeacha, agus an bhean a b’óige ar lán a charr de ghinidheacha.
    Thug sé na trí lód na bhaile acht ní rabh sin ag sásamh na mathaire ar chor ar bith - bhí sí buaidheartha fa na nighneacha. Bhí sí annsin agus í ag caoineadh fá na cuid paistí achan lá.
    Bhí gasúr beag annsin aca, agus bhí an gasúr ag coimheadh ar a mhathair ag caoineadh ar fad agus ní rabh fhios aige caidé bhí contráilte leithe. “A mhathair” arsa seisean lá amháin “tá mé ag coimhead ort ag caoineadh achan lá ón lá a thóg mé mó chos ón talamh, agus níl fhios agam caidé atá ort.
    “Bhal, tá sé chomh maith agam innse duit” ars an mhathair, agus d’innis sí dó an sgéal fá na thriúir deirbhshiúr.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Dubhgáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Seoladh
    Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall