Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)

Suíomh:
Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Fhionnaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 233

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 233

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Chladaigh
  2. XML Leathanach 233
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí fear agus bean ann uair amháin agus bhí triúr nigheanach aca. Bhí siad iongantach bocht 7 ní rabh slighe bheatha ar bith aca acht ag dul na coilleadh a bhaint brosna agus a dhíol.

    Scéal
    Bhí fear agus bean ann uair amháin agus bhí triúr nigheanach aca. Bhí siad iongantach bocht agus ní rabh slighe bheatha ar bith aca acht ag dul na coilleadh a bhaint brosna agus a dhíol.
    Bhí carr agus asal ag an fhear agus nuair a bhainfheadh sé lód thugadh sé isteach ‘na bhaile mhóir é.
    Bhí sé lá amháin ag baint sa choillidh agus tháinig fear galanta chuige. D’fiafruigh sé dó an rabh nighean ar bith aige. Dubhairt seisean go rabh triúr.
    “Bhal, ma chuireann tú an bhean is sine aca chugam-sa imbárach, bhéarfhaidh mé lán do charr de phingeacha duit uirthí”.
    “Maith go leór” ars an fear. Tháinig sé na bhaile agus dubhairt sé, “Bhéarfhaidh mé í seó liom imbárach le cuidiú liom, is mo a bhainfhidh muid ar mbeirt”.
    Rinne an bhean a ba sine de na nighneacha réidh lá thar na bhárach agus bhí sí leis. Tháinig an fear uasal fa na coinne. Thug sé lán carr de phingeacha de’n athair agus chuaidh sí leis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Dubhgáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Seoladh
    Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall