Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 231
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí bean na comhnuidhe thiar in iochtar na Rosaibh uair amháin agus ní rabh aicí ag a' mhac amháin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)sin ní bhainfhimidh duithe feasta. Bíodh sí agat agus go ndeánaidh sí mhaith duit”.
Bhí sí annsin agus bhí sí na cailin ghalanta agus na bhean bhreágh agus lá amháin dubhairt sé leithe innse dó cerbh as í agus cé’n áit a rabh a muinntir. D’innis sí dó. D’imthigh siad lá amháin agus thug siad leó beathadhach bán agus níor stad siad go rabh siad ag teach a muinntir thiar i gConnachta.
Chuaidh siad isteach agus ní rabh sa’ teach ach an’ tseanbhean. Thoisigh an tseanbhean a ghol nuair a d’amharc sí ar an chailin.
“Goidé adhbhar do chuid caointe?” arsa an Baoghallach leithé.
“Tá” arsa sise “cuireadh mó nighean tá bliadhain ó shoin agus mhionnóchainn ar an t-saoghal gur sin í.
“Bhal, bféidir gur bhí” ars seisean. D’innis sé duithe ó na thús go dtí na dheireadh caidé mar bhí. Tháinig a fear isteach annsin agus bhí áit bhreagh chomhnuidhe aige. Bhí an luthgháir ortha agus d’iarr siad air fanacht aca. “Fan againne a choidhche agus bheidh gléas maith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall