Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 229
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí bean na comhnuidhe thiar in iochtar na Rosaibh uair amháin agus ní rabh aicí ag a' mhac amháin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a chonnaic siad annsin nach rabh bealach aca a dhul á comhair agus go rabh sí ag an Bhaoghallach, tharraing fear aca slat agus bhuail sé buille de’n t-slait uirthí agus dfág sé bodhar balbh í.
D’imthigh siad annsin, agus chuaidh seisean na bhaile leis an chailin bhreagh dhoigheamhal nach rabh cainnt nó eisteacht aicí.
“Tcím” adeir an mhathair “is leat atá an siota chugam”.
“Caithfhimid cuir suas leis anois” arsa seisean.
Chongbhuigh siad í go cionn bliadhna agus í ag obair leithe chomh maith le duine ar bith acht go rabh sí bodhar agus balbh.
“Bliadhain agus an oidhche anocht a chuaidh mé amach a roimhe” arsa seisean.
“Maise is deas an rud a bhí leat ag teacht duit - ní bhfuair muid mórán dá pleisiúir ó shoin” arsa á mhathair.
D’imthigh an Baoghallach amach agus chuaidh sé go dtí bun na binne. Bhí an bhinn foscailte agus iad uilig go léir istoigh ag ithe agus ag ól agus tréan cuideachta aca.
“Bliadhain agus an oidhche anocht a tháinig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall