Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)

Suíomh:
Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Fhionnaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 224

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 224

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Chladaigh
  2. XML Leathanach 224
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Tá dáta fada bliadhanta ní rabh mórán comhnuidheacha annseó. Ach bhí fear amháin na chomhnuidhe i Machaire-galthan ar a dtabharfadh siad Mac Giolla Bhrighde.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    seisean leis an fhear bheag “Tá tú annseó agam lé seacht mbliadhna agus ní dhearn tú maith nó olc damh, agus má tá tú abalta a dhath a dheánamh tabhair tarrthail ar mó chuid eallaigh.
    Chuaidh an Siosanach amach agus ní rabh cipín ar Árd na Buailibh nach rabh saighdiúr air.
    Lean siad na saighdiúirí agus fuair siad greim ortha. Bhuail siad agus mharbhuigh siad iad agus bhain siad daobhtha an t-eallach agus thug siad arais ag Mac Giolla Bhrighdhe iad.
    “Anois” a dubhairt Mac Giolla Bhrighde, “fad is a bhí tú annseó agam-sa ní dhearn tú acht trí ghaire agus caithfhidh tú ughdar na dtrí ngáire sin a thabhairt damh-sa sul a n-imthighidh tú.
    “Ní feárr duit sin nó gan a chluinstean” arsa an Siosanach. Acht chaithfheadh Mac Giolla Bhrighde ughdar na dtrí ngáire sin a fhaghail.
    “Bal” arsa an Siosanach, “an chéad ghaire, bean bhocht a thainig isteach agat agus nuair a chuaidh tú a thabhairt déirce duithe thuit cuid den airgead ar a’ talamh agus chuaidh tú a gcruinniú
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Uí Curráin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Machaire Gathlán, Co. Dhún na nGall