Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 204
- XML “Donn Mhac A' Diarfach agus Dubh Mhac A' Diarfach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mar d’innis mise duit-se.
“Bféidir go léigheasfaí go fóill é” arsa sise. “Chá leigheasfar” arsa seisean” chaith mé an slat amach sa loch.
Nuair a d’éirigh siad lá thar na bharach shiubhal siad leobhtha go dtí go rabh siad ag taobh an locha, tharraing sise amach slat draoidheachta eile.
“Buail buille orm-sa anois” arsa sise “Ní bhuailfhidh” arsa seisean “barraidheacht a bhuail mé”. “Cá ndeán tú maith go mbuailfhidh tú mé” arsa sise.
Bhuail sé buille annsin oirthí agus rinne sé madadh uisge dithe. Gheárr sí léim amach sa’ loch agus cha rabh i bhfad gur phill sí agus slat na draoidheachta leithe in a béal. Bhuail sé an chéad bhuille oirthí-sé agus tháinig sí in a cruth fhéin. Annsin bhuail sé buille ar Dhubh agus a chuid eachraí. Tháinig siad uilig in a gcruth féin. Chuaidh siad go dtí cúirt an rí agus bhí féasta mór aca. Chuaidh mise an bealach mór agus iadsan an tráigh agus níl fhios agam caidé d’éirigh daobhtha ó shoin.- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall