Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 203
- XML “Donn Mhac A' Diarfach agus Dubh Mhac A' Diarfach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an ceann duithe. D’imthigh an bheirt annsin ag tarraingt ar Chúirt an rí, agus thoisigh siad ag sgéalaidheacht le chéile, go dtí gur innis Dubh do Dhonn go rabh sé na luighe ag a bhean aréir agus nár aithin sí é. Bhuail díth-éadh Donn ó bharr a laidhre go mullach a’ chinn, bhuail sé buille slat na draoidheachta ar Dhubh agus rinne sé carraigeacha dó féin agus de chuid eachraidh. Chaith sé slat na draoidheachta amach sa loch a bhí ag a dtaobh sa’ dóigh nach bfuighthí a choidhche é.
Shín sé leis go teach an rí. Shíl achan dhuine gur bé an fear amháin a bhí aca ar fad. Nuair a chuaidh siad a luighe an oidhche sin thionntuigh an bhean óg a a cúl leis.
“Caidé atá caitheamh ort?” arsa seisean. “Tá oiread meas agam-sa orm féin anocht agus bhí agat-sa ort fhéin áreir nuair a chuir tú do chlaidheamh eadar mise agus tú fhéin ins an leabaidh”. Bhuail buaidhreadh mór Donn annsin fa dtaobh de’n rud a bhí deánta aige agus d’innis sé duithe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall