Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 200
- XML “Donn Mhac A' Diarfach agus Dubh Mhac A' Diarfach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)arsa nighean an rí “tá sí ag teacht annseo i gcomhnuidhe achan mhaidin. Duine ar bith ariamh a chuaidh ‘na diaidh char phill sé.
“Go dubh is go bán” arsa Donn “go leanfaí mise fosta í”
D’imthigh sé leis ag marcuidheacht ar each, cú le na chois agus an seabhach in áirde ós a cionn ins an spéir. Chuir sé an giarrfhiadh isteach i mbun sean-chaisleán. Chuaidh sé féin isteach na diaidh agus bhí cailleach istigh roimhe. “Ceangal do chuid eachraidh” arsa sise.
“Níl a dhath agam a cheanglóchas iad” arsa seisean. Chuir sí suas a láimh agus thug sí trí ribe de na cuid gruaige do, “Ceangal le sin ias”. Cheangal sé iad.
“A Dhonn, mhic a d’iarfaidh bheaduighte, anall as Éireann, nár mhór an croidhe duit theacht anall as Éireann gur mharbhuigh tú mó thriúr mac”.
Le sin thug sí síneadh sanntach air. Nuair a bhí teacht cruaidh ar Dhonn sgáirt sé ar a chuid eachraidh.
“Teann, teann a ribe, agus bain an cheann ó bhraigh b doibh” arsa an cailleach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall