Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 195
- XML “Donn Mhac A' Diarfach agus Dubh Mhac A' Diarfach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus chuir sí i dtaisgidh go cúramach é. Annsin mhusgail sé agus d’imthigh sé leis na bhaile.
Tháinig mac Rí na Tuirce annsin, leabhar fosgailte agus claidheam tarraingiste, agus bhain sé mionna an leabhair dithe nach n-innseochadh sí a choidhche nar bhé eisean a mharbhuigh an fathach.
Nuair a chuaidh Donn na bhaile ag an mhnaoí a rabh sé ag [stopadh]? aicí fuair sé a shuipéar agus chuaidh siad ‘un comhraidh. “Ar chuala tu” arsa sise “go bhfuil an triomadh cuid de nighean Rí Gréige bainte.
Ma éirigheann leis imbárac agus in oirthear tá an lá leis”. “Is cuma damhsa” arsa Donn “ní agam-sa a [bhéassí”.]?
Ar maidin lá thar na bhárach d’imthigh sé ar an nós cheadhna agus d’imthigh mac Rí na Tuirce as a bhealach mar a rinne sé an lá roimhe sin. Mharbhuigh Donn an darna fáthach, thug leis an ceann agus dfág ag cosa nighean Rí Gréige é.
“Leag do cheann in m’ucht” a dubhairt sí agus deán do sgithiste - tá tú sáruighthe”(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall