Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 192
- XML “Donn Mhac A' Diarfach agus Dubh Mhac A' Diarfach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d’imthigh sé ag mar cuidheacht ar each, cú le na chois, agus seabhac in áirde ós a ceann sa spéir go dtí go dteachaidh sé go dtí’n fhairrge.
Chaith sé a shoitheach ar an tuinn agus bhuail sé port thall sa’ Gréig.
Bheir sé ar an soitheach agus ghlan sé suas saor ó ghaineamh trágha í. Chuaidh sé a mharcuidheacht ar a each, a chú le na chois agus an seabhac in áirde ós a cheann. Nuair a bhí conn na h-oidhche ag teacht, tháinig sé an teach beag ar thaobh a bhealaigh mhóir. Chuaidh sé go dtí an doras, agus chuir sé ceist ar an mnaoí an gcoingbhéochadh sí é fhéin agus a chuid eachraí go maidin. “Níl gléas mór orm” arsa sise “acht fiachfhaidh mé leis”. Cheangal sé a chuid eachraí agus chuaidh sé ‘un toighe. Rinne sí réidh a shuipéar agus théidh sí uisge a nigh a chosa indhiaid an tsiubhal.
Nuair a bhí sin deánta shuid siad ag cois na teineadh agus chuaid siad ‘un chomhraidh. “Tá rí shuas annseo a bhfuil nighean aige agus tá prionnsaí na Ríoghachta uilig ag ruaig uirthi agus fear ar bith a mharbhóchas na trí fathaigh atá ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall