Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 190
- XML “Donn Mhac A' Diarfach agus Dubh Mhac A' Diarfach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus bhí dhá choileán aicí. Chuaidh sé go dtí an seabhac agus bhí dhá éan aicí. Thug sé buidheachas do’n Rí go rabh an saoghal ag gabhail a’ eirghe leis.
Chuaidh sé amach annsin go bfeicf’eadh sé a rabh a’ bhean ag teacht. Chonnaic sé í ibfad uaidh ag tarraingt air. Nuair a tháinig sí fhad leis, “Chaitlín a chroidhe, shíl iné nach rabh tú ag teacht”. “Nach minic a chualaidh tú” arsa sise, “nach fada an bealach mór ná bhfuil corradh ann. Bíonn duine corr - uair agus chá bhíonn sé chomh gasta sin”.
Chuaidh siad isteach un’ toighe agus bhí cúpla mac ar an mheadhon oidhche - fear aca dubh agus fear aca donn. Cha n-aithneóchadh aon duine in Éirinn nó an súil ba gheíre an difir eatorra acht go rabh fear dubh agus fear donn. D’fás siad suas in a dhá ghasúr chliste - an biseach nach dtiocfhadh sá lá ortha, thiocfhadh sé san oidhche ortha. Nuair a tháinig siad go dtí aois scoile, rachfhadh siad go dtí tobar imbun Sléibh Sneachta, nighfheadh siad a n-aghaidh agus a lamha agus bheadh siad in a saith ama ag an sgoil i Rosguill.
Nuair a d’fás siad suas mór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall