Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)

Suíomh:
Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Fhionnaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 165

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 165

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Chladaigh
  2. XML Leathanach 165
  3. XML “An Ministéar agus a Bhuachaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Ministéar agus a bhuachaill (Sgéal):
    Bhí buachaill ag obair ag ministéar ar dhá tuistiún sa' lá. Bhí an ministéar agus an rí 'na gcomhnuidhe a' chomhair a chéile. Lá amháin tháinig an rí thart in áit a raibh an buachaill ag obair.
    "Ce aige a bhfuil tú ag obair, nó caidé'n phaighe atá agat" ars' eisean leis an bhuachaill.
    "Dhá thuistiún sa' lá" ars' an buachaill,
    "Ní fiú mórán sin" ars' an rí, "Ba lughaide (?) an cás dá mba liom féin uilig é" ars an buachaill, "Tá mé ag cuir dhá pinginn ar biseach, dhá pinginn da dul amúdha, dhá phinginn de shean-fhiacha atá orm, agus níl agam féin fágtha ach dhá pinginn."
    Chuaidh an rí 'fhad leis an mhinistéir agus dubhairt sé leis go mbainfeadh sé a cheann agus a chongbhail-beatha dó mar n-innseochadh sé dó fa dtaobh de'n fhear abhí ag obair, agus an dá phinginn abhí sé ag cur ar biseach, an dá phinginn abhí sé a' chuir amudha, fá'n dá phinginn abhí sé ag díol de shean-fhiacha, agus fá'n dá phinginn abhí aige do féin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0922: The Shepherd Substituting for the Priest Answers the King's Questions
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Dubhgáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall