Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tabhairt buaidhradh [intinne]? mór do O Domhnal agus dúbhairt fear leis is mór an diogdhel. Mac an Bháird anois [acann]? Dubhairt Ó Domhnal o creidim gur fada e marbh. Chuaidh an sgeal thart gur chualadh Mac an Bhard thall in sasamh é. Tharraing Mhac an Bháird [?] Éirinn agus mór stad gur shroch O Domhnal agus gan air ach sean chualaidh [bacáigh]? Chuáidh se i láthar Ó Dómhnail agus diafruigh se dó ca rabh an saighreadh seó a bhí déasta ag an t’sasana. Thaidéan Ó Dómhnal dó lé [fónn]? mór ach ní rabh fhios aige cé a bhí aige, subhal Mac an Bháird amach ar an crann agus tharraing an tor agus thionntúigh se bun os cionn é. Anois ar seisean sin [dúbhslan]? an t’sasana thart agus sin a tharraingt. Bhí léighar mhór ar O Domhnal fán ghniómh a bí deánta - níor b’fada go d’tearádh sé go clúas a Domhnal gur Mac an Bháird a rinne an gníomh, chuir se sgéule fe sa choinne, sgríobh sé leithir agus thug ar Mhac an Bháird í. Dúbhairt sé lé Mac an Bháird shiubhal go gasta agus thíg leat go gcastan an poste ort agus tabhair an bithir dó. Dimthigh Mac an Bhaird agus ni rabh deifre ar bíth an mar bhí eagla air gur [latir]? [?] [bhiés]? a bhí leis agus nuair a casadh an posta ar tugadh an leitir do. d’fosgal an posta an leitir agus léig sé í agus sé a bhí inntí dó fhad is bhí subhalte ag Mac an Bhaird an sprog a gearradh agus gur leis fhéin an méid a bhí siubhalte aige in dhiaidh sin agus sin paroiste Mac an Bháird on lá sin go dtí an lá indiú.
- Faisnéiseoir
- Máire Ní g Cionnlaoi
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bun Beag, Co. Dhún na nGall