Scoil: Doire Beag (B.)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Liam Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sgeal.Bhí bean ann uair amháin a rabh truír mac aici. Lá amháin dubhairt an mac ba shine go gcaithfeadh sé imtheacht a shaothrughadh a chodach.
Nuair a bhí sé ag imtheacht rinne a mhathair dhá thuirtín, ceann mór agus ceann beag.
D’fhiafruigh sí dó cé aca a b’fhearr leis tuirtín mór agus mallacht nó tuirtín beag agus beannacht. Dubhairt an mac gur bh’fhearr leis tuirtín mór.
D’imthig sé. Shuibhal sé giota fada go dtainig sé go dtí tabar. Léim éan amach agus d’iarr sé giota de’n tuirtín air.
Dubhairt seisean nach dtabhairfeadh. D’imthigh sé leis giota eile agus fuair fastodh. Sé an margadh a bhí ann, dá gcuirfeadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Mac Giolla Chomhghaill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sloitheán, Co. Dhún na nGall